Focal ón bPríomhoide

23-Feabhra-18
Focal ón bPríomhoide

In imeacht breis agus caoga bliain ó am a bhunaithe, tá Coláiste Eoin ag soláthar oideachas den scoth trí mheán na Gaeilge do bhuachaillí. Feidhmíonn an Coláiste faoi phátrúnacht Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís agus tá luachanna bunaitheora na mBráithre Críostaí ina gclocha móra ar phaidrín mhuintir an Choláiste agus iad i mbun saothair go laethúil.

Thar aon ní eile tá an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach lárnach in imeachtaí scoile agus léiríonn ár ndaltaí meas agus bród i leith a dteanga agus a gcultúr i gcónaí.

Is cúis mórtais domsa bheith im’ Phríomhoide ar Choláiste Eoin agus an deis tugtha dom cur lena bhfuil bainte amach acu siúd a bhí sa phost romham. Is cúis bróid dom oibriú le foireann mhúinteoirí proifisiúnta atá tiomnaithe d’oideachas den scoth a chur ar na mic léinn a shiúlann geataí na scoile isteach. Tugann bláthú agus forbairt na mic léinn misneach dóibh aghaidh a thabhairt ar cúrsaí an tsaoil.

Síneann fréamhacha Choláiste Eoin go leathan agus tá scáth láidir caite ag an scoil ar chomhphobal an ceantair. Tá scoláirí an Choláiste bródúil as an oidhreacht agus an dúchas atá faighte acu.

Fearaim fáilte is fiche roimh scoláirí an Choláiste agus iad ag filleadh ar scoil don scoilbhliain 2025/2026. Tá fáilte ar leith roimh na scoláirí nua a bheidh ag cur tús lena saol i gColáiste Eoin. Guímid tréimhse shona, thorthúil orthu go ceann sé bliana.

Tréaslaimíd leis na daltaí a chur críoch lena ré i gColáiste Eoin i mbliana agus guímid gach rath orthu ina saol amach anseo.

Pádraig Mac Donnchadha
Príomhoide

Imeachtaí / Events
Feabh
16 2026
Briseadh Meántéarma / Mid-term break
Márta
16 2026
Scoil dúnta / School closed
Márta
17 2026
Lá Saoire Bainc / Bank Holiday
Márta
25 2026
Bl. 4 Ceoldráma
Enquire
Contact
Coláiste Eoin,
Bóthar Stigh Lorgan,
Baile an Bhóthair,
Co. Átha Cliath,
Ireland


01 288 4002

Location
© 2026 Coláiste Eoin