Ardteistiméireacht / Leaving Cert

23-Feabhra-18

Cúrsa na hArdteistiméireachta

Cúrsa dhá bhliain a bhíonn i gcúrsa na hArdteistiméireachta. Seacht ábhar scrúduithe a dhéanann gach dalta chomh maith le ceithre ábhar neamh-scrúduithe.

Ábhair éigeantacha a bhíonn i dtrí cinn de na hábhair scrúduithe, na hábhair lárnacha, agus roghnaítear ceithre ábhar eile ó liosta ábhair roghnacha. Múintear na hábhair roghnacha i ranganna meascaithe le Coláiste Íosagáin agus d’fhéadfadh múinteoir ó Choláiste Eoin nó múinteoir ó Choláiste Íosagáin a bheith i mbun teagaisc.

Ábhair lárnacha

  • Gaeilge
  • Béarla
  • Matamaitic

Ábhair roghnacha

  • Fraincis
  • Gearmáinis
  • Bitheolaíocht
  • Ceimic
  • Fisic
  • Gnó
  • Eacnamaíocht
  • Stair
  • Tír Eolaíocht
  • Ealaín
  • Ceol
  • Eacnamaíocht Bhaile
  • Grafaic Deartha & Cumarsáide

Ábhair eile

  • Teagasc Críostaí
  • Gairmthreoir
  • Corp Oideachas

Le tamall de bhlianta anuas tá ranganna Mata Fheidhmeach ar fáil tar éis scoile mar ábhar breise. Braitheann soláthar na ranganna seo ar éileamh a bheith ann dóibh.

Imeachtaí / Events
Beal
26 2026
Bl. 1 - Turas go Camus / Trip to Camus
Beal
29 2026
Saoire an tSamhraidh / Summer Holidays
Meith
03 2026
Scrúduithe Stáit / State Exams
MFómh
08 2026
Cruinniú le Tuistí Bl. 4 - Meeting with Bl. 4 Parents
© 2026 Coláiste Eoin