A Thuismitheoirí agus a Chaomhnóirí,
Tá súil agam go bhfuil sibh go léir go maith.
Tá Tuairisc Bhliantúil an Bhoird Bhainistíochta don scoilbhliain 2025/26 ceangailte anseo.
Tugann an tuairisc léargas ar obair agus gníomhaíochtaí an Bhoird i rith na bliana, chomh maith le na príomhfhorbairtí agus na cinntí a rinneadh i réimsí éagsúla de shaol na scoile.
Mar Phríomhoide, ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le baill an Bhoird Bhainistíochta as a ndúthracht, a bhflaithiúlacht ama agus a dtacaíocht leanúnach dár scoil. Gabhaim buíochas freisin leis an bhfoireann, le na scoláirí, le na tuismitheoirí agus leis an bpobal scoile i gcoitinne maidir le bhur dtacaíocht agus comhoibriú i rith na bliana.
Gúim samhradh sona oraibh go léir. Tá muid ag súil le fáilte a chur romhaibh ar ais agus bualadh libh arís ag tús na scoilblhiana nua.
Le dea-mhéin,
Pádraig MacDonnchadha
Príomhoide