Spórt / Sport

23-Feabhra-18
Spórt / Sport

Bíonn clár leathan spóirt ar siúl i rith na scoilbhliana a chuirtear chun cinn le cabhair múinteoirí, tuismitheoirí, iar-dhaltaí agus cairde an Choláiste.

Peil Ghaelach

Glacann foirne peile faoi-14, faoi-16 agus faoi-18 páirt i gcomórtais Bhaile Átha Cliath agus Laighean. Buaic phointí i stair an Choláiste ná Cluiche Ceannais Sinsir na hÉireann a bhaint amach sa bhliain 1998 agus Cluiche Ceannais Sinsir Laighean a bhaint amach i 2010 agus 2012. Is minic Craobh Átha Cliath buaite ag aoisghrúpaí éagsúla freisin. Chaith iarscoláirí cáiliúla ar nós Conn Ó Ceallacháin, Comán Ó Gogáin, Liam Ó hÉineacháin, Barra Ó Ruairc, Marc Schutte, Roibeárd Mac Dáibhid, Maitias Mac Donncha agus Peadar Ó Cofaigh Byrne dathanna Bhaile Átha Cliath go bródúil in imeacht na mblianta.

Iomáint

Tá luí ar leith ag scoláirí Choláiste Eoin leis an iomáint agus is annamh iománaí gan camán ina láimh agus é ag teacht ar scoil.
Le blianta beaga anuas is i gCraobhchomórtas A Laighean a ghlac na hiománaithe páirt le blianta beaga anuas agus is beag a bhí idir iad agus foirne Chill Chainnigh agus cluiche leath-cheannais na craoibhe á bhaint amach acu i 2011 agus 2012.
Foirne faoi 14, 16 agus 18 a chuirtear chun páirce ar son an Choláiste agus i measc na scoláirí a chaith léinte Bhaile Átha Cliath tá Pól Schutte, Dónal ‘Danny’ Sutcliffe, Colm Ó Cróinín agus Cian Ó Ceallacháin.

Lúthchleasaíocht

Tugtar deis do dhaltaí páirt a ghlacadh sa lúthchleasaíocht faoi stiúir Eddie McDonough agus glacann daltaí an Choláiste páirt go rialta i gcomórtais Átha Cliath agus Laighean. Iarscoláire idirnáisiúnta a chloistear trácht faoi go minic ná Seosamh ‘Joe’ Mac Suibhne agus tá Cillian Ó Maonaigh agus Liam Mac Giolla Phádraig ar fhoirne faoi aois na hÉireann.

Cispheil

Glacann foirne an Choláiste páirt i gcomórtais cispheile Bhliain 1, Bhliain 2, faoi-16 agus faoi-19.

Leadóg agus Galf

Is le cabhair tuismitheoirí a ghlacann na foirne leadóige agus gailf páirt i gcomórtais idir scoileanna. Tugann sé an deis do dhaltaí a imríonn na cluichí seo léinteán an Choláiste a chaitheamh agus tá an Coláiste buíoch do na tuismitheoirí as a ndíograis.

Imeachtaí / Events
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc + Lá / Bank Holiday + Day
Bealt
14 2024
Bl.4 Oíche na hIdirbhliana/ TY Night
Bealt
31 2024
Saoire an tSamhraidh / Summer Holidays
Meith
05 2024
Scrúduithe Stáit / State Exams
Enquire
Contact
Coláiste Eoin,
Bóthar Stigh Lorgan,
Baile an Bhóthair,
Co. Átha Cliath,
Ireland


01 288 4002


Location
© 2024 Coláiste Eoin