Focal ón bPríomhoide

23-Feabhra-18
Focal ón bPríomhoide

Proinsias de Poire.jpgIn imeacht breis agus caoga bliain ó am a bhunaithe, tá Coláiste Eoin ag soláthar oideachas den scoth trí mheán na Gaeilge do bhuachaillí. Feidhmíonn an Coláiste faoi phátrúnacht Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís agus tá luachanna bunaitheora na mBráithre Críostaí ina gclocha móra ar phaidrín mhuintir an Choláiste agus iad i mbun saothair go laethúil.

Thar aon ní eile tá an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach lárnach in imeachtaí scoile agus léiríonn ár ndaltaí meas agus bród i leith a dteanga agus a gcultúr i gcónaí.

Is cúis mórtais domsa bheith im’ Phríomhoide ar Choláiste Eoin agus an deis tugtha dom cur lena bhfuil bainte amach acu siúd a bhí sa phost romham. Is cúis bróid dom oibriú le foireann mhúinteoirí proifisiúnta atá tiomnaithe d’oideachas den scoth a chur ar na mic léinn a shiúlann geataí na scoile isteach. Tugann bláthú agus forbairt na mic léinn misneach dóibh aghaidh a thabhairt ar cúrsaí an tsaoil.

Síneann fréamhacha Choláiste Eoin go leathan agus tá scáth láidir caite ag an scoil ar chomhphobal an ceantair. Tá scoláirí an Choláiste bródúil as an oidhreacht agus an dúchas atá faighte acu.

Fearaim fáilte is fiche roimh scoláirí an Choláiste agus iad ag filleadh ar scoil don scoilbhliain 2022/2023. Tá fáilte ar leith roimh na scoláirí nua a bheidh ag cur tús lena saol i gColáiste Eoin. Guímid tréimhse shona, thorthúil orthu go ceann sé bliana.

Tréaslaimíd leis na daltaí a chur críoch lena ré i gColáiste Eoin i mbliana agus guímid gach rath orthu ina saol amach anseo.

Proinsias de Poire
Príomhoide

Imeachtaí / Events
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc + Lá / Bank Holiday + Day
Bealt
14 2024
Bl.4 Oíche na hIdirbhliana/ TY Night
Bealt
31 2024
Saoire an tSamhraidh / Summer Holidays
Meith
05 2024
Scrúduithe Stáit / State Exams
Enquire
Contact
Coláiste Eoin,
Bóthar Stigh Lorgan,
Baile an Bhóthair,
Co. Átha Cliath,
Ireland


01 288 4002


Location
© 2024 Coláiste Eoin